Manager, Creative and Media
Dublin
Reports To: Senior Manager, Creative & Media
Grade: 4
The salary scale for this post is €75,187 to €89,113 per annum, rising by Long Service Increments to €91,985 LSI 1 (payable after three years satisfactory performance at the maximum of the scale) and €94,861 LSI 2 (payable after three years satisfactory performance at LSI 1).
New Entrants to the Public Sector commence on the first point of the Scale
Purpose
Bord Bia has a vision that customers around the globe recognise that Irish food and drink is world-class; that it is high quality, distinctive, and made by a diverse range of creative producers from a unique and fortuitous island location.
Our purpose is to bring Ireland’s outstanding food, drink and horticulture to the world, thus enabling growth and sustainability of producers.
In this role, you will lead Bord Bia’s marketing campaigns for brand impact with our target audiences in the domestic market and internationally in line with the vision, mission and strategic objectives of Bord Bia.
What you’ll do
As part of B2C marketing campaigns in domestic market, and based on insights, lead the strategic planning and evaluation of annual marketing campaigns in conjunction with internal insight team and external research agencies.
Continue to develop, manage and implement creative and media plans for food with the Bord Bia Quality Mark, Irish seafood and Bord Bia corporate campaigns.
Prioritise ongoing monitoring of media plans through weekly meetings with the media agency and review of mid and post campaign reports.
Collaborate with internal digital and communication teams, sector teams and external creative and media agencies in the design, delivery and management of the creative and media plans.
Manage the development of new content for above the line and below the line elements of marketing campaigns; including for TV, radio, outdoor, press and online.
Lead the design and manage the Bord Bia Quality Mark activities at Bloom in conjunction with the internal events team
As part of the Marketing and Communications department’s redesign, participate actively as part of a cross functional squad at an operational level and in terms of reporting and advising on campaigns
Manage the performance of the International Graduate through feedback and coaching
Manage the Quality Mark, red meat, chicken, eggs and seafood budgets
Adhere to the One Bord Bia operating model.
About You
Essential Knowledge, Skills & Capabilities
Knowledge:
Domestic market – in depth understanding of key consumer, food and media trends
B2C marketing experience and a passion for food
Media landscape - understanding the role of different media channels, above and below the line, and the impact they can have
Skills & Capabilities:
Marketing planning to devise insight led, effective marketing campaigns
Ability to manage a high volume of deadline-driven campaigns
Creative and media agency management
Collaborative approach and focus on target audience needs
Comfortable with an agile culture focused on continuous improvement
Shows a digital first mindset
Budget management
Agility and resilience to manage energy levels during periods of more intense workload
Desirable Knowledge, Skills & Capabilities
Knowledge:
Food, drink and horticulture industry
Skills & Capabilities:
Growth mindset to deliver on sector business objectives
Communication skills for clarity and to drive influence among key stakeholders
Closing Date/Time: Wednesday, 12 April 2023 @ 4:00pm (GMT/UTC +1)
Learn more about working at Bord Bia. Click here!
Bord Bía is an Equal Opportunities Employer: We want to see a society where everyone is equal. We know our foundation must be an equitable workplace that recognises the dignity and worth of everyone, and gives all our employees the freedom and opportunity to fulfil their potential: we want for you to be able to bring your whole self to work, so you can be the best you can be and live your purpose whilst developing your career with us. Our talented and diverse workforce also reflects the diversity of our clients, customers and markets by utilising their range of skills, knowledge and experience. Harnessing the wide range of perspectives this diversity brings, promotes innovation and helps make us more creative and competitive.
Bord Bia is committed to ensuring that all recruitment candidates have complete and equitable access as can reasonably be provided. If you require any support or accommodation as part of the recruitment process, please contact us directly at humanresources@bordbia.ie
Bainisteoir, Ábhar Cruthaitheachta agus na Meáin
Baile Átha Cliath
Ag tuairisciú chuig: Bainisteoir Sinsearach, Ábhar Cruthaitheachta agus na Meáin
Cuspóir
Tá fís ag Bord Bia go n-aithneodh custaiméirí ar fud na cruinne go bhfuil bia agus deochanna na hÉireann de scoth an domhain; go bhfuil siad ar ardchaighdeán, go bhfuil siad sainiúil, agus déanta ag raon éagsúil táirgeoirí cruthaitheacha ar láthair uathúil ámharach ar oileán.
Is é an cuspóir atá againn bia, deoch agus gairneoireacht den scoth na hÉireann a thabhairt os comhair an domhain mhóir, a dhéanfaidh fás agus inbhuanaitheacht na dtáirgeoirí a chumasú dá bhrí sin.
Sa ról seo, beidh tú i gceannas ar fheachtais mhargaíochta Bhord Bia ar mhaithe le tionchar branda lenár sprioclucht spéise sa mhargadh baile agus sa mhargadh idirnáisiúnta i gcomhréir le fís, misean agus cuspóirí straitéiseacha Bhord Bia.
Na dualgais a bheidh ort
Mar chuid d’fheachtais mhargaíochta B2C sa mhargadh baile agus bunaithe ar léargais, beidh tú i gceannas ar an bpleanáil straitéiseach agus ar mheasúnú a dhéanamh ar fheachtais bhliantúla mhargaíochta i gcomhar le foireann inmheánach léargais agus le gníomhaireachtaí seachtracha taighde.
Leanúint de phleananna cruthaitheachta agus meán a fhorbairt, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm do bhia a bhfuil Marc Cáilíochta Bhord Bia air, do bhia mara na hÉireann agus d’fheachtais chorparáide Bhord Bia.
Tús áite a thabhairt do mhonatóireacht leanúnach a dhéanamh ar phleananna meán trí chruinnithe seachtainiúla leis an ngníomhaireacht meán agus athbhreithniú a dhéanamh ar thuarascálacha ar lár an fheachtais agus ina dhiaidh.
Obair a dhéanamh i gcomhar le foirne inmheánacha digiteacha cumarsáide, le foirne na hearnála agus le gníomhaireachtaí seachtracha cruthaitheachta agus meán chun na pleananna cruthaitheachta agus meán a dhearadh, a chur ar fáil agus a bhainistiú.
Forbairt ábhair nua a bhainistiú do ghnéithe os cionn na líne agus faoin líne a bhaineann le feachtais mhargaíochta; lena n-áirítear ábhar don teilifís, raidió, taobh amuigh, preas agus ar líne.
Ceannaireacht a thabhairt maidir le gníomhaíochtaí Mharc Cáilíochta Bhord Bia ag Bloom a leagan amach agus a bhainistiú i gcomhar leis an bhfoireann inmheánach imeachtaí.
Páirt ghníomhach a ghlacadh i mbuíon ilréimsiúil ar leibhéal oibríochtúil agus ó thaobh tuairisciú a dhéanamh agus comhairle a thabhairt ar fheachtais mar chuid d’athdhearadh na roinne Margaíochta agus Cumarsáide.
Feidhmíocht an Chéimí Idirnáisiúnta a bhainistiú trí aiseolas agus oiliúint
Buiséid an Mhairc Cáilíochta, na feola deirge, an tsicín, na n-uibheacha agus an bhia mara a bhainistiú
Cloí le samhail oibriúcháin Bord Bia Amháin
Maidir Leatsa
Eolas Riachtanach, Scileanna & Inniúlachtaí
Eolas:
Eolas ar an margadh baile – tuiscint mhion ar threochtaí príomhthomhaltóirí, bia agus meán
Taithí margaíochta ar B2C agus dúil mhór i mbia
Eolas ar thírdhreach na meán - tuiscint ar an ról atá ag cainéil dhifriúla meán, os cionn na líne agus faoin líne, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu
Scileanna & Inniúlachtaí:
Pleanáil margaíochta chun feachtais mhargaíochta éifeachtacha faoi thionchar léargais a cheapadh
An cumas méid mór feachtas faoi thionchar sprioc-ama a bhainistiú
Gníomhaireacht cruthaitheachta agus meán a bhainistiú
Cur chuige comhoibríoch agus béim ar riachtanais an sprioclucht spéise
A bheith ar do chompord le cultúr sofhreagrúil atá dírithe ar fheabhas leanúnach
Dearcadh a thugann tús áite do chúrsaí digiteacha a thaispeáint
Buiséid a bhainistiú
Lúfaireacht agus teacht aniar a léiriú chun leibhéil fuinnimh a bhainistiú le linn tréimhsí ina bhfuil an t-ualach oibre níos déine
Eolas, Scileanna & Inniúlachtaí Inmhianaithe
Eolas:
Eolas ar an tionscal bia, deochanna agus gairneoireachta
Scileanna & Inniúlachtaí:
Dearcadh forbartha chun spriocanna gnó na hearnála a bhaint amach
Scileanna cumarsáide le haghaidh soiléireachta agus chun tionchar a imirt ar phríomhpháirtithe leasmhara
Dáta/Am Deiridh: Dé Céadaoin an 12 Aibreán 2023 @ 4:00pm (GMT/UTC+1)
Faigh tuilleadh faisnéise maidir le hoibriú le Bord Bia. Cliceáil anseo!
Is Fostóir Comhdheiseanna é Bord Bia: Teastaíonn uainn sochaí a fheiceáil ina mbíonn an uile dhuine ar chomhchéim. Tá a fhios againn nach mór go mbeidh ár ndúshraith mar áit oibre chothrom ina dtugtar aitheantas do dhínit agus d’fhiúntas an uile dhuine, agus ina dtugtar an tsaoirse agus an deis dár bhfostaithe go léir lena lánacmhainneacht a bhaint amach: teastaíonn uainn go mbeidh ar do chumas do chroí agus d’anam a chur i do chuid oibre, ionas go mbeidh ar do chumas an méid is fearr is féidir leat a bhaint amach agus maireachtáil de réir do chuspóra agus tú ag forbairt do shaoil ghairmiúil linne. Léiríonn an fórsa saothair cumasach agus éagsúil atá againn éagsúlacht na gcliant, custaiméirí agus margaí freisin trí úsáid a bhaint as an raon scileanna, eolais agus an taithí atá acu. Agus leas á bhaint as an raon leathan peirspictíochtaí éagsúlachta, cuirtear nuálaíocht chun cinn agus cuidíonn sin linn a bheith níos cruthaithí agus níos iomaíche.
Tá Bord Bia tiomanta a chinntiú go gcuirtear comhrochtain chothrom ar fáil do gach iarrthóir earcaíochta chomh fada is féidir le réasún. Má theastaíonn aon tacaíocht nó cúnamh uait mar chuid den phróiseas earcaíochta, déan teagmháil linn go díreach, le do thoil, ag humanresources@bordbia.ie