Are you looking to make a difference in what you do and have the relevant experience?


Do you enjoy taking responsibility and like working in a small team?


Do you have an interest in Irish Food, Drink and Horticulture?


Then you've come to the right place.


Senior Manager Finance

Full time, Permanent position

Dublin



Reports To: Head of Finance and IT


Grade: 3


The salary scale for this role is € 90,928 to €108,136

with Long Service increments of LSI1: € 111,629  and LSI2: €115,112.

New Entrants to the Public Sector commence on the first point of the Scale.


Purpose

 

Bord Bia has a vision that customers around the globe recognise that Irish food and drink is world-class; that it is high quality, distinctive, and made by a diverse range of creative producers from a unique and fortuitous island location.


Our purpose is to bring Ireland’s outstanding food, drink and horticulture to the world, thus enabling growth and sustainability of producers.


In this role, you will effectively lead the accounts team and ensure financial policies and procedures are embedded across the wider organisation. To ensure Bord Bia's financial accounts are prepared in a timely manner and show a true and fair view of our financial position and ensuring all financial statutory reporting obligations are met.


What you'll do:

  1. Lead the Accounts team and contribute to the development and implementation of major financial and business strategies in conjunction with the Head of Finance and IT.

  2. Lead on the review, development and implementation of new processes, update and maintain existing processes and manage finance policies and procedures. Manage the information circulation and training of all finance policies to all staff.

  3. Manage the organisations multi payrolls across jurisdictions in Ireland and in our overseas locations. Ensure all related pension, tax and social security returns and payments are made with the relevant tax authorities within statutory timelines and partner with the Talent/HR department on these matters.

  4. Manage of all operational aspects of Bord Bia’s finance function including the duties of the accounts receivable,accounts payable and reconciliation teams.

  5. Prepare accurate and timely month end management accounts for circulation to SLT and Board members as appropriate and present the finance report at subsidiary board meetings, deputising for the Head of Finance and IT at main board, audit and risk committee meetings where necessary.

  6. Prepare the annual financial statements for inclusion in the annual report, by the statutory deadlines.

  7. Manage and prepare submission of all monthly, quarterly and annual reports to our parent department, DAFM, and act as the first point of contact for DAFM on Bord Bia funding matters.

  8. Act as organisational lead on the annual internal and external audits.

  9. Lead and manage the duties and performance of team members by determining and delegating priorities, through regular, formal PDP and PGP conversations and informal feedback and coaching.

  10. Operate within assigned budgets in accordance with One Bord Bia procedures.

  11. Adhere to the One Bord Bia Operating Model


About you


Essential Knowledge, Skills & Capabilities


Knowledge

  • Qualified Accountant (ACCA or ACA level qualification) 

  • 10 years post qualification experience 

  • Irish and overseas payroll, employee taxation in multi jurisdictions and reporting obligations. 

  • Good understanding of Public Sector financial and reporting obligations (desirable) 

  • Code of Practice for the Governance of State Bodies (desirable) 

  • Knowledge and understanding of the provisions of relevant legislation e.g. Bord Bia Act (desirable) 


Skills & Capabilities

  • Excellent communication and presentation skills with strong verbal ability to explain financial terms and procedures to non-finance personnel. 

  • Excellent computer skills including Microsoft office SharePoint/Planner. 

  • Be up to date with current developments in IT, as it relates to finance systems. 

  • Attention to detail and analytical skills. 

  • Strong Ethics and discretion with high level of self- awareness. 

  • Confident, composed and reacts well under pressure. 

  • Makes good decisions in a timely manner, based on analysis, experience and judgement. 


Closing Date/Time: Monday,25th May 2026 @ 17:00 (GMT/UTC)


Learn more about working at Bord Bia. Click here!



Bord Bía is an Equal Opportunities Employer: We want to see a society where everyone is equal. We know our foundation must be an equitable workplace that recognises the dignity and worth of everyone and gives all our employees the freedom and opportunity to fulfil their potential: we want for you to be able to bring your whole self to work, so you can be the best you can be and live your purpose whilst developing your career with us. Our talented and diverse workforce also reflects the diversity of our clients, customers and markets by utilising their range of skills, knowledge and experience. Harnessing the wide range of perspectives this diversity brings, promotes innovation and helps make us more creative and competitive. 

 

Bord Bia is committed to ensuring that all recruitment candidates have complete and equitable access as can reasonably be provided. If you require any support or accommodation as part of the recruitment process, please contact us directly at humanresources@bordbia.ie 






An bhfuil tú ag iarraidh difear a dhéanamh san obair a dhéanann tú agus an taithí chuí agat?


An maith leat glacadh le freagracht agus a bheith ag obair ar fhoireann bheag?


An bhfuil suim agat i mBia, Deoch agus Gairneoireacht na hÉireann?


Tá tú san áit cheart mar sin. 


Bainisteoir Sinsearach Airgeadais

Post Buan Lánaimseartha

Baile Átha Cliath



Ag tuairisciú don: An Ceannasaí Airgeadais agus TF


Grád: 3


Is €90,928 go €108,136 an scála tuarastail don ról seo.

agus Incrimintí Fadseirbhíse LSI1; €111,629 agus LSI2: €115,112.

Ar an gcéad phointe den Scála a thosóidh Iontrálaithe Nua san Earnáil Phoiblí.


Cuspóir

 

Is é fís Bhord Bia go n-aithneodh custaiméirí ar fud na cruinne go bhfuil bia agus deoch na hÉireann ar chaighdeán domhanda; go bhfuil siad ar ardcháilíocht, sainiúil, agus á ndéanamh ag réimse éagsúil táirgeoirí cruthaitheacha ó ionad oileánda uathúil agus ámharach.


Is é an cuspóir atá againn bia, deoch agus gairneoireacht den scoth na hÉireann a chur os comhair an tsaoil mhóir agus fás agus inbhuanaitheacht na dtáirgeoirí a chothú.


Sa ról seo, is tú a bheidh go bunúsach i gceannas ar fhoireann na gcuntas agus is fút a chinntiú go bhfuil polasaithe agus gnásanna airgeadais neadaithe san eagraíocht trí chéile. Ní mór a chinntiú go n-ullmhaítear cuntais airgeadais Bhord Bia in am tráth agus go léiríonn siad staid airgeadais na heagraíochta ar bhealach fírinneach agus cóir agus go gcloítear le dualgais reachtúla tuairiscithe airgeadais.


Na dualgais a bheidh ort:

  1. Beidh tú i do cheannasaí ar fhoireann na gCuntas agus ag cur le forbairt agus feidhmiú mórstraitéisí airgeadais agus gnó i gcomhar leis an gCeannasaí Airgeadais agus Teicneolaíochta Faisnéise.

  2. Beidh tú i gceannas ar athbhreithniú, forbairt agus feidhmiú próiseas nua, nuashonrú agus caomhnú a dhéanamh ar phróisis reatha agus bainistiú a dhéanamh ar pholasaithe agus gnásanna airgeadais. Déanfaidh tú roinnt eolais agus an oiliúint maidir le gach polasaí airgeadais don fhoireann ar fad sa rannóg a bhainistiú.

  3. Párollaí éagsúla na heagraíochta sna dlínsí éagsúla in Éirinn agus inár n-ionaid thar lear a bhainistiú. A chinntiú go ndéantar gach tuairisceán agus íocaíocht pinsin, cánach agus coimirce sóisialaí chomh maith le híocaíochtaí leis na húdaráis cánach ábhartha laistigh de spriocanna ama agus oibreoidh tú i gcomhar leis an rannóg Tallainne/Acmhainní Daonna ar na ceisteanna seo.

  4. Gach gné oibríochta d’fheidhm airgeadais Bhord Bia, na dleachtanna ar chuntais infhála, iníoctha agus foirne réitigh cuntas ina measc, a bhainistiú.

  5. Cuntais bainistíochta chruinne agus thráthúla a ullmhú le scaipeadh ar bhainisteoirí sinsearacha agus baill den Bhord de réir mar atá cuí agus an tuairisc airgeadais a chur i láthair cruinnithe boird fochomhlachtaí chomh maith le hionadaíocht a dhéanamh ar an gCeannasaí Airgeadais agus Teicneolaíochta Faisnéise ag cruinnithe den phríomhbhord agus den choiste iniúchóireachta agus measúnaithe riosca nuair is gá.

  6. Na ráitis airgeadais bhliantúla a ullmhú chun iad a chur san áireamh sa tuarascáil bhliantúil roimh na spriocanna reachtúla.

  7. Gach tuairisc mhíosúil, ráithiúil agus bhliantúil a bheidh le cur faoi bhráid na máthar-roinne, an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a bhainistiú agus a ullmhú agus a bheith i do chéad phointe teagmhála leis an Roinn ar cheisteanna maoinithe Bhord Bia.

  8. Feidhmiú i do cheannasaí eagraíochta ar na hiniúchtaí inmheánacha agus seachtracha bliantúla.

  9. Ceannas a thabhairt agus bainistiú a dhéanamh ar dhualgais agus feidhmíocht ball foirne trí thosaíochtaí a aithint agus a roinnt trí chomhráití rialta foirmeálta (PDP) agus comhráití aischothaithe neamhfhoirmeálta agus príobháideacha (PGP) chomh maith le cóitseáil.

  10. Feidhmiú laistigh de bhuiséid ceadaithe mar aon le modhanna oibre Bord Bia Amháin.

  11. Cloífidh tú le Samhail Oibriúcháin Bhord Bia Amháin


Tú féin


Eolas, Scileanna & Inniúlachtaí Riachtanacha


Eolas

  • Cuntasóir Cáilithe (cáilíocht ag leibhéal ACCA nó ACA)

  • Taithí 10 mbliana tar éis cáiliú

  • Párolla Éireannach agus i ndlínsí thar lear, cáin fostaithe in iliomad dlínse agus oibleagáidí tuairiscithe.

  • Tuiscint mhaith ar oibleagáidí airgeadais agus tuairiscithe sa tSeirbhís Phoiblí (inmhianaithe)

  • Cód Cleachtais chun Comhlachtaí Stát a Rialú (inmhianaithe)

  • Eolas agus tuiscint ar fhorálacha na reachtaíochta cuí m.shAcht Bord Bia (inmhianaithe)


Scileanna & Inniúlachtaí

  • Sárscileanna cumarsáide agus cur i láthair agus an cumas téarmaí agus nósanna imeachta airgeadais a mhíniú ó bhéal do phearsanra neamh-airgeadais.

  • Scileanna ríomhaireachta den scoth go háirithe Microsoft Office SharePoint/Planner.

  • A bheith ar an eolas faoi fhorbairtí reatha sa Teicneolaíocht Faisnéise agus mar a bhaineann siad le córais airgeadais.

  • Aird ar mhionsonraí agus scileanna anailíse.

  • Eiticí láidre agus discréid le tuiscint mhaith ort féin.

  • Muiníneach, stuama agus feidhmíonn go maith faoi bhrú.

Glacann cinntí maithe in am trátha, bunaithe ar anailís, ar thaithí agus ar bhreithiúnas.



Dáta/Am Deiridh: Dé Luain an 25 Bealtaine 2026 @ 17.00 (GMT/UTC)


Faigh tuilleadh eolais faoi bheith ag obair i mBord Bia. Cliceáil ar an nasc seo!



Is Fostóir Comhionannas Deiseanna é Bord Bia: Sochaí inar comhionann gach duine atá uainn.  Tuigimid gur riachtanach gur áit oibre chothrom a bheidh san fhondúireacht seo againne, áit a n-aithnítear gradam agus fiúntas gach duine agus a dtugtar an tsaoirse agus an deis dár bhfostaithe barr a gcumais a bhaint amach. Is mian linne go mbeidh tú in ann gach gné díot a féin a thabhairt chun na hoibre le gur fearr a bheidh tú in ann do dhícheall a dhéanamh agus do chuid cuspóirí a fhíorú agus tú ar thuras do ghairme linn.  Tá éagsúlacht ár gcliant, custaiméirí agus margaí le feiceáil inár lucht saothair atá lán buanna agus lán éagsúlachta, agus baintear leas as réimse a gcuid scileanna, eolais agus taithí.  Nuair a bhaintear gach leas as an réimse leathan dearcthaí atá ann mar gheall ar an éagsúlacht seo, cuirtear an nuálaíocht chun cinn agus cuidiú atá ann dúinn éirí níos fearr ó thaobh cruthaitheachta agus iomaíochta de. 

 

Tá Bord Bia meáite ar rochtain chothrom iomlán a thabhairt do gach iarrthóir earcaíochta a oiread agus is praiticiúil é sin a dhéanamh.  Má bhíonn aon tacaíocht nó socrú de dhíth ort sa phróiseas earcaíochta, déan teagmháil linn go díreach ag an seoladh humanresources@bordbia.ie 



Apply for position now

Please confirm you have read the salary scale information for this role and you wish to proceed in the knowledge that all new entrants to the Public Sector commence on the first point of the Scale.
This role offers hybrid working which requires employees to be in the office at least 3 days each week. Please check the box to agree to, and proceed with this application.